Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’imigh sé go hAlbain ansin go baile taobh amuigh de Ghlaschú ag déanamh draenáil. Obair mhaslach a bhí ann ach bhí siad óg, bhí an cogadh thart an t-am sin cé go raibh cumadh an bhia ar siúl go fóill. Bhí sé ag fanacht le comharsana dena chuid agus bhí siad iontach maith do. Bhí dúil aige thall in Albain, bhíodh siad ag na damhsaí san oíche agus ag na madaí ar feadh an lae corr uair. | 00:03:19 | |
Bhí príosúnach cogaidh as Bovaria ag stopadh sa teach céanna le Hughie. Thug na fir eile uilig a bhí ag stopadh sa teach go Glaschú ar feadh deireadh seachtaine amháin é ag na madaí agus araile agus rinne Hughie a chuid oibre do ar an fheirm. Stócach thart fá 20 bliain d’aois a bhí ann. | 00:01:55 | |
Nuair a phill sé as Albain thosaigh se ag obair lena athair sa tsiopa. D’imigh a athair go hAlbain tamall ansin. Ní raibh moll iontach le gnó sna siopaí san am sin cé go raibh níos mó oibre le déanamh, ag tomhas earraí agus mar sin. Bhí siad ag fáil an chuid is mó dá gcuid earraí as Doire agus Bun Cranncha. Ach tá athrach mór ar achan rud anois, chuir na siopaí móra deireadh leis na siopaí beaga. | 00:03:43 | |